Learmhais The Greatest Showman

Is scannán é seo a chuireann dea-ghiúmar ort. Tá sé an-oiriúnach don Athbhliain, mar is scannán creathach é seo. Ar fíor-eachtraí atá an scannán bunaithe; saol P.T. Barnum. Fear gan mórán airgead a thiteann i ngrá le cailín óg saibhir darbh ainm Charity. Leanann an lucht féachana a shaol ó phósadh, beirt leanbh agus a streachailt le airgid go dtí go mbíonn smaoineamh conspóideach aige. Chruinnigh sé le chéile na daoine ar imeall an tsochaí chun impresario sorcas a chur ar shiúil. Chuaigh sé ón bpúirín go dtí an pálás. Ach ní thuras éasca a bhí ann, is iomaí dúshláin a raibh ina bhealach. Tá an fuaimrian sa cheoldráma seo spreagúil agus draíochtúil agus chuaigh na rian go barr na gcairteacha i Meiriceá ar feadh dhá sheachtaine. Caithimid a admhaigh gur aisteoir an-chumasach é Hugh Jackman a cuireann beocht sa cheol, ról iomlán difriúil ó Wolverine. Chum P.T. Barnum anam gnó na siamsaíochta comhaimseartha toisc go raibh an-chumas aige dul i ndiaidh mian a chroí. Tá an scannán seo oiriúnach do gach uile duine sa chlann is féidir leo an teachtaireacht ón amhráin “This is me” a chur i bhfeidhm ina saol féin. Mholaim go láidir é a fheiceáil agus ná déan dearmaid súigí siar agus bainigí taithneamh as an seó!

3.5/5

Le Claire Ní Neachtain.