Learmhais Skyscraper

Beidh an réalta scannán Dwayne Johnson ag filleadh ar ais go dtí pictiúrlanna sa scannán Skyscraper. Is scannán gníomhach ó Mheiriceá é Skyscraper atá scríofa agus stiúrtha ag Rawson Marshall ThurberIt. Ina theannta sin, is iad Dwayne Johnson, Chin Han, Roland Møller, Noah Taylor, Byron Mann, Pablo Schreiber, agus Hannah Quinlivan na príomhaisteoirí sa scannán seo.Ba gníomhaire FBI é Will Sawyer (Johnson) ach anois is measúnóir slándála é san ilstórach spéire is airde ar domhan. Mar gheall ar sin, cónaíonn sé san ilstórach spéire sin. Dar le daoine eile, tá an foirgneamh i gceist an-sábháilte agus ní bheadh aon duine ábalta briseadh isteach ach ar an ndrochuair níl Will cinnte. Nuair a tharlaíonn ionsaí sceimhlitheoireachta, tá clann Sawyer i bponc mar tá siad gafa ar an 96ú hurlár agus tá an foirgneamh trí thine. Tá rudaí níos measa arís nuair a chuirtear an milleán ar Sawyer as an ionsaí.Ina theannta sin, ní raibh Neeve Campbell ar an scáileán mór ó 2011 nuair a chríocnaigh na scannáin “Scream” agus tá sí ar ais anois. Tá a lán gnéithe neamhréadúla sa scannán ach is scannán maith é ar aon nós. Tá Skyscraper ar cheann de na cúpla scannán amach i mbliana nach dtáinig sé as scannán eile, seó teilifíse nó cluiche físeáin agus is fiú é a fheiceáil mar gheall ar sin, gan dabht.

Rátáil 3/5

Tamara Ní ShíocháinBook Now