Learmhais The Meg

The Meg:

Tá Jason Statham mar an carachtair Jonas Taylor a bhfuil ina tumadóir domhainfharraige a bhí ar scor ach anois tá a iarbhean chéile i dainséar go domhain faoi uisce. Mar sin tá air dul ar misean í a shábháil. Ach bhí níos measa fós le teacht. Tá siorc mór millteach réamhstairiúil ag fánaíocht an fharraige. Níl mórán le plota an scannán seo seachas an siorc ag bhaint ghreim as gach uile rud agus duine ina mbealach. Tá foireann ann ag iarradh an siorc a stopadh sula mbeidh ródhéanach. Tá orthu obair le chéile ríomh a bhíonn an domhain ina cíor thuathail. . Li Bingbing iontach mar an carachtair Suyin, fásann an caidreamh idir an bheirt. Cuireann an chaidreamh go mhór le daonnacht an scannán. Is léir go baineadh geit asat ag breathnú ar an scannán seo, mar go bhfuil na íomhánna den siorc comh réadúil sin! Bailigh do chairde le chéile agus breathnaigh ar an scannán gníomhach seo.

2.5/5

Claire Ní Neachtain.