Léirmheas A Quiet Place 2

 

Leanann an scannán seo ar aghaidh tar éis an scannáin A Quiet Place ón bhliain 2018. Scannán uafáis atá ann leis an stiúrthóir John Krasinski agus tá aisteoirí iontacha sa scannán mar shampla Emily Blunt, Cillian Murphy, Millicent Simmonds, Noah Jupe, Djimon Hounsou agus Wayne Duvall.Leanann an scéal ar aghaidh sa scannán seo agus caithfidh an teaghlach Abbott aghaidh a thabhairt ar an saol mór agus iarracht a dhéanamh fanacht sábháilte – ach caithfidh siad é a dhéanamh go ciúin. Ansin, tugann siad faoi deara go bhfuil níos mó neacha ann ná mar a cheap siad ar dtús.Níl aon amhras ach go mbeidh an scannán seo go maith mar bhí an chéad scannán go hiontach- bhí sé scanrúil, siamsúil agus bhí an aisteoireacht thar barr. Ní bheidh sé oiriúnach do pháistí toisc go bhfuil sé scanrúil ach má bhaineann tú taitneamh as scannáin uafáis, beidh an scannán seo oiriúnach duit, gan aon dabht.

 

Tamara Ní Shíocháin