Léirmheas Ad Astra

Is sórt scannán mistéire agus scannán ficsean eolaíochta é an scannán nua Ad Astra. Tá sé suite sa spás amuigh agus tá sé bunaithe ar spásaire. Scríobh James Gray agus Ethan Gross an scannán agus is é James Gray an stiúrthóir freisin. Ina theannta sin, tá aisteoirí iontacha le feiceáil sa scannán mar shampla Brad Pitt, Tommy Lee Jones, Ruth Negga, Liv Tyler, Donald Sutherland agus Loren Dean.Ad AstraIs spásaire é Roy McBride (Brad Pitt) agus tá a athair ar iarraidh sa spás amuigh. Mar a gheall air sin, caithfidh sé dul ar misean chun é a fháil ar ais. Ach anuas air sin, tá an pláinéad go léir i mbaol agus caithfidh sé an mistéir sin a réitíonn freisin.Ad AstraAn chéad rud atá go hiontach sa scannán seo ná an cineamagrafaíocht. Tá na radharcanna atá suite sa spás amuigh thar barr. Ina theannta sin, tá an aisteoireacht go maith (go háirithe Brad Pitt) agus tá an scéal suimiúil, mothúchánach agus lán le teannas ag an am céanna. Tá an scannán oiriúnach do gach saghas duine ach amháin páistí óga toisc go bhfuil cúpla radharc ann le foréigean. Is fiú é a fheiceáil, gan dabht ar bith.

Ráta 4/5

Tamara Ní Shíocháin