Léirmheas Bad Boys For Life

 

Is scannán aicsean greannmhar é an scannán nua seo atá dírithe ar dhaoine fásta toisc go bhfuil go leor foréigin, drochtheanga, drugaí agus tagartaí gnéasacha le feiceáil sa scannán. Stiúir Adil El Arbi agus Bilall Fallah an scannán agus na scríbhneoirí ná Chris Bremner, Peter Craig agus Joe Carnahan. Na haisteoirí atá le feiceáil sa scannán ná Will Smith, Martin Lawrence, Vanessa Hudgens, Alexander Ludwig, Charles Melton agus Paola Nunez.Bad Boys For LifeSeo é an tríú scannán sa sraith Bad Boys agus sa scannán seo, tá na gardaí Mike Lowery agus Marcus Burnett ar ais le chéile chun déileáil le tiarna drugaí i Miami. Tá foireann nua acu agus caithfidh said obair le chéile chun an tiarna drugaí a troid.Bad Boys For LifeIs scannán iontach é an scannán Bad Boys For Life, gan amhras ar bith- tá go leor aicsin le feiceáil agus tá sé greannmhar agus siamsúil. Ina theannta sin, tá an aisteoireacht go hiontach, go háirithe Will Smith. Beidh ar na páistí fanacht sa bhaile mar tá a lán foiréigin agus drochtheanga le feiceáil ach do dhaoine fásta, is fiú é seo a fheiceáil, gan aon dabht.

Ráta 4.5/5

Tamara Ní Shíocháin

Book Tickets