Léirmheas Black Water: Abyss

Is é seo an chéad scannán nua atá ag teacht. Is scannán uafáis agus aicsean é. An stiúrthóir ná Andrew Traucki agus scríobh John Ridley agus Sarah Smith an scannán. Na haisteoirí atá le feiceáil sa scannán seo ná Jessica McNamee, Luke Mitchell, Benjamin Hoetjes, Amali Golden, Anthony J. Sharpe agus Rumi Kikuchi.Tá an scannán seo suite i dtuaisceart na hAstráile. Tá cúigear cairde i bponc ceart nuair atá said ag uaimheadóireacht in uaimh iargúlta agus tagann stoirm mhór. Tá crogaill san uaimh leo agus caithfidh said an slí amach a fháil chun fanacht sábháilte.Má tá suim agat i scannáin uafáis, beidh an scannán seo oiriúnach duit, gan aon dabht. Tá sé scanrúil agus tá a lán teannais le feiceáil i rith an scannáin. Mar gheall air seo, ní bheidh sé oiriúnach do pháistí. Tríd is tríd, is dócha go mbeidh an scannán seo go hiontach, agus mar sin, is fiú é a fheiceáil, gan amhras ar bith.

 

Book Tickets