Léirmheas Blinded by the Light

 

Is drama greannmhar é an scannán nua seo, Blinded by the Light. Tá sé lán le greann agus ceol Bruce Springsteen agus tá aisteoirí iontacha le feiceáil sa scannán mar shampla Viveik Kalra, Hayley Atwell, Rob Brydon, Kulvinder Ghir, Nell Williams agus Aaron Phagura. Stiúir Gurinder Chadha an scannán agus scríobh Gurinder Chadha, Sarfraz Manzoor agus Paul Mayeda Berges é.

Tá an scannán seo suite sa bhliain 1987 agus tá sé ag leanúint buachaill óg, Javed, atá gafa le ceol. Faigheann Javed an leabhar The Boss agus cuireadh a shaol bunoscionn mar thoradh. Méadaíonn ar a phaisean de bharr an leabhair. Ag an am céanna, tá sé ag iarraidh a bhaile dúchais a fhágáil toisc go bhfuil sé i ndrochchaoi agus ag iarraidh a chultúr Pacastánach a fhágáil freisin. Tá rogha aige mar sin.

Is scannán suimiúil agus siamsúil é seo, gan dabht ar bith toisc go bhfuil sé greannmhar, mothúchánach agus drámatúil ag an am chéanna. Má bhfuil tú i do leantóir Bruce Springsteen nó nach bhfuil, tá an scannán seo go maith toisc go bhfuil scéal maith ann. Ina theannta sin, tá an aisteoireacht agus an cineamatagrafaíocht go hiontach. Tá sé oiriúnach do dhaoine fásta agus do pháistí níos sine agus is fiú é a fheiceáil, gan amhras ar bith.

Ráta 4.5/5

Tamara Ní Shíocháin