We are hiring -> Apply here

Léirmheas Bumblebee

bumblebee

More Info

Is é Bumblebee an séú cuid den tsraith Transformers. An am seo, bhí sé stiúrtha ag Travis Knight in ionad Michael Bay agus níl aon dabht ach go bhfuil sé difriúil óna scannáin eile. Bhí sé scríofa ag Christina Hodson agus is iad Hailee Steinfeld, John Cena, Jorge Lendeborg Jr, John Ortiz, Jason Drucker, agus Pamela Adlon. Tá an scannán seo suite sna 1980í agus tá sé sin an-suimiúil mar feicimid na “Autobots” nuair a thánaig siad go dtí an domhain den chéad uair.

Tosnaíonn an scéal sa bhliain 1987 nuair atá Bumblebee gortaithe an t-aon Autobot a leaindeáil ar an Domhan. Chuaigh sé i bhfolach sa dumpa i bhfoirm VW Beetle. Faigheann cailín óg, Charlie, é mar bhronntanas agus tuigeann sí nach gnáthcharr é.

Tá an cineamatagrafaíocht an-chosúil leis na scannáin ón 1980í agus cuireadh i gcomparáid leis an scannán cáiliúil ‘ET’. Gan amhras, is scannán maith é agus tá sé foirfe don teaghlach ar fad. D’fhéadfaí a rá gurb é an scannán is fearr sa tsraith go dtí seo.

Ráta 4/5

Tamara Ní Shíocháin