Léirmheas Doctor Sleep

Is cóiriú é an scannán seo ar an leabhar Doctor Sleep le Stephen King. Ina theannta sin, tá sé sa sraith céanna ná The Shining. Is scannán uafáis é agus scríobh agus stiúir Mike Flanagan an scannán. Na haisteoirí atá sa scannán seo ná Ewan McGregor, Rebecca Ferguson, Kyliegh Curran, Carl Lumbly, Zahn McClarnon agus Emily Alyn Lind. Níl an scannán oiriúnach do dhaoine óga toisc go bhfuil sé an-scanrúil.Doctor SleepTá an scéal seo suite 40 bliain tar éis an scannán The Shining. Tá tráma ar Dan tar éis eachtraí óna óige agus tagann an tráma sin ar ais nuair a buaileann sé leis an déagóir, Abra. Tá an chumhacht céanna ag Abra ná Dan agus tá sí ag lorg cabhrach ó Dan mar tá sí i mbaol. Cruthaíonn siad comhaontas ait agus troideann siad le chéile agus tá ar Dan déileáil lena chuid buarthaí.Doctor SleepNíl dabht ar bith ach go bhfuil an scannán seo go hiontach ar fad- tá sé an-scanrúil ach tá sé mothúchánach agus siamsúil freisin. Tá an aisteoireacht thar barr- rug Rebecca Ferguson barr bua ar gach duine eile. Is annamh go bhfuil an dara scannán sa sraith chomh iontach leis an gcéad scannán ach sin é an cás anseo, gan aon amhras.

Ráta 4.5/5

Tamara Ní Shíocháin