We are hiring -> Apply here

Léirmheas Downton Abbey

Tá an scannán nua seo bunaithe ar an gclár teilifíse cáiliúl, Downton Abbey. Is dráma stairiúil é an clár seo agus tá sé suite i gcaisleán mór i Sasana. Tá an scannán seo suite san áit céanna (dhá bhliain tar éis dheireadh an chláir) agus tá na haisteoirí céanna le feiceáil sa scannán freisin mar shampla Hugh Bonneville, Laura Carmichael, Jim Carter, Brendan Coyle, Michelle Dockery agus Kevin Doyle.

Downton Abbey

Sa scannán seo, tá an chlann Crawley ag ullmhú don ócáid mhór toisc go bhfuil Rí na Sasana agus Banríon na Sasana ag tabhairt cuairt ar an gcaisleán. Beidh scannal, grá agus iontas le feiceáil de bharr na cuairte agus níl aon dabht ach go bhfuil todhchaí an chaisleáin ag brath ar an gcuairt seo.

Downton Abbey

Is léir go bhfuil an-tóir ar an gclár teilifíse Downton Abbey agus tá an tóir céanna ann ar an scannán freisin- agus is furasta an chúis a fheiceáil. Tá an scéal an-suimiúil ar fad agus tá an aisteoireacht thar barr. Gan dabht ar bith, má bhain tú taitneamh as an gclár teilifíse, bainfidh tú an-taitneamh as an scannán freisin.

Ráta 4/5

Tamara Ní Shíocháin

Book Tickets