Léirmheas Dr. Dolittle

Is é seo an tríú scannán sa sraith Dr. Dolittle agus tá na scannáin bunaithe ar an leabhar The Voyages of Dr. Dolittle. Is scannán aicsean agus greannmhar é agus tá sé dírithe ar pháistí. Stiúir agus scríobh Stephen Gaghan an scannán agus na príomhaisteoirí sa scannán ná Robert Downey Jr., Antonio Banderas, Michael Sheen, Selena Gomez, John Cena, Harry Collett, Emma Thompson agus Rami Malek.Is dochtúir cáiliúil é Dr. Dolittle agus is féidir leis labhairt le hainmhithe. Tar éis bás a mhná chéile, chuaigh sé i bhfolach ach nuair a éiríonn Queen Victoria tinn, caithfidh Dr Dolittle í a shábháil. Sa scannán seo, téann sé agus na hainmhitihe ar turas draíochtúil chun leigheas a fháil.dolittleIs scannán iontach é seo, gan dabht ar bith. Tá sé greannmhar agus siamsúil agus tá sé oiriúnach don chlann ar fad. Ina theannta sin, tá an aisteoireacht go hiontach go háirithe Robert Downey Jr. agus John Cena. Tá sé an-shimplí in áiteanna ach ag an am céanna, tá sé dírithe ar pháistí. Tríd is tríd, is fiú é seo a fheiceáil, gan aon amhras.

Ráta 3.5/5

Tamara Ní Shíocháin

Book Tickets