Léirmheas Frozen 2

 

Is é seo an dara scannán sa sraith Frozen le Disney. Is síscéal ceoil é agus tá na scríbhneoirí agus stiúirtheoirí mar an gcéanna leis an gcéad scannán: Jennifer Lee agus Chris Buck. Tá na haisteoirí céanna le feiceáil fresin mar shampla Kristen Bell, Idina Menzel, Josh Gad agus Jonathan Groff chomh maith le Sterling K. Brown agus Evan Rachel Wood.Tá an scéal ag leanúint ar aghaidh tar éis an chéad scannáin ach níl sé suite in Arendelle. Tá Elsa agus Anna ag dul ag eachtraíocht lasmuigh de Arendelle agus tá a gcairde Sven Kristoff agus Olaf ag dul leo freisin.FrozenNíl aon amhras ach go bhfuil an scannán seo go hiontach. Tá na hamhráin go maith agus tá an scéal suimiúil. Ina theannta sin tá sé greannmhar agus cuireann sé dea-ghiúmar ort. Tá sé oiriúnach don chlann ar fad agus is fiú é a fheiceáil, gan dabht ar bith.

Ráta 4.5/5

Tamara Ní Shíocháin