Léirmheas Good Boys

Ó na daoine a thug Superbad agus Neighbours dúinn, is é Good Boys an scannán greannmhar is nuaí. Stiúir Gene Stupnitsky an scannán, scríobh Lee Eisenberg agus Gene Stupnitsky é agus na léiritheoirí atá i gceist ná an aisteoir cáiliúl Seth Rogen chomh maith le Evan Goldberg, James Weaver, Nathan Kahane, agus  Joe Drake. Anuas air sin, tá foireann aisteoirí iontacha le feiceáil sa scannán freisin mar shampla Jacob Tremblay, Brady Noon, Keith L. Williams agus Will Forte.Tá Max 12 bhliain d’aois agus níor phóg sé aon duine go fóill. Mar thoradh, tá sé an-neirbhíseach nuair nuair a thugtar cuireadh dó chuig cóisir. Tá siad ag iarraidh daoine a fheiceáil ag pógadh agus mar sin, úsáideann siad drón chun na comharsana a fheiceáil. Ach briseann an drón agus caithfidh siad ceann nua a fháil go tapaidh.Tá an scannán seo an-ghreannmhar ach níl sé oiriúnach do dhaoine óga toisc go bhfuil go leor foiréigin agus drugaí le feiceáil. Tá an scéal saghas simplí ach suimiúil agus tá an aisteoireacht go maith. Tríd is tríd, is scannán maith é seo do dhaoine fásta agus má bhain tú taitneamh as an scannán Superbad, is fiú é seo a fheiceáil, gan dabht ar bith.

Ráta 3.5/5

Tamara Ní Shíocháin