Léirmheas Le Mans 66

 

Is scannán aicsean é seo atá bunaithe ar rásaíocht ghluaisteáin. Stiúir James Mangold an scannán agus na scríbhneoirí a bhí ag obair air ná Jez Butterworth, John-Henry Butterworth, Jason Keller. Ina theannta sin tá aisteoirí cáiliúla le feiceáil sa scannán seo mar shampla Matt Damon,  Christian Bale, Jon Bernthal, Caitriona Balfe, Tracy Letts agus Josh Lucas. Tá an scannán seo oiriúnach do gach saghas duine.Le Mans66Tá an scannán seo bunaithe ar fhíorscéal. Tagann an dearthóir gluaisteán, Carroll Shelby, agus an tiománaí, Ken Miles, le chéile chun carr nua a chruthú don Ford Motor Company. Tugann an charr seo dúshlán do carranna cáiliúla cosúil le Ferrari ag an rás mór sa Fhrainc sa bhliain 1966.Le Mans66Is scannán maith é seo agus tá go leor aicsin le feiceáil. Ina theannta sin, tá sé suimiúil toisc go bhfuil an scéal fíor. Tá an aisteoireacht thar barr go háirithe na haisteoirí Matt Damon agus Christian Bale agus tríd is tríd is fiú an scannán seo a fheiceáil, gan dabht.

Ráta 4/5

Tamara Ní Shíocháin

Book Tickets