We are hiring -> Apply here

Léirmheas Like A Boss

Is scannán grinn é an scannán Like A Boss agus tá sé dírithe ar dhaoine fásta toisc go bhfuil tagairtí gnéasacha, drochtheanga agus drugaí le feiceáil sa scannán. Stiúir Miguel Arteta an scannán seo agus na scríbhneoirí ná Sam Pitman agus Adam Cole Kelly. Tá aisteoirí iontacha le feiceáil sa scannán seo mar shampla Tiffany Haddish, Rose Byrne, Salma Hayek, Billy Porter agus Jennifer Coolidge.Like A BossIs dlúthchairde iad Mel agus Mia le blianta agus anois tá a gcomhlacht féin acu- comhlacht cosmaidí. Ach ar an drochuair, tá fadhbanna airgid acu. Mar gheall air seo, nuair a faigheann siad tairiscint infheistíochta ó Claire Luna, níl aon rogha acu ach glacadh leis. Ach cuireadh a gcairdeas ar thástáil de bharr seo agus caithfidh siad rogha a dhéanamh idir a gcairdeas agus a gcomhlacht.

Is scannán maith é seo, gan aon amhras – tá sé greannmhar, siamsúil agus mothúchánach ag an am céanna. Tá an aisteoireacht thar barr go háirithe Tiffany Haddish agus tá an scéal go maith. B’fhéidir nach bhfuil an scéal an-nua ach tá sé siamsúil ar aon nós. Tá an scannán dírithe ar dhaoine fásta amháin, gan dabht ar bith ach is fiú é a fheiceáil, gan aon dabht.

Ráta 3.5/5

Tamara Ní Shíocháin

Book Tickets