We are hiring -> Apply here

Léirmheas Little Women

 

Tá an stiúrthóir iontach Greta Gerwig ar ais leis an scannán seo- stiúir sí an scannán Ladybird roimhe seo. Is drama é an scannán seo atá bunaithe ar an leabhar Little Women le Louisa May Alcott. Ina theannta sin, tá aisteoirí iontacaha le feiceáil mar shampla Saoirse Ronan, Emma Watson, Florence Pugh, Meryl Streep, Eliza Scanlen, Laura Dern agus Timothee Chalamet. Little WomenTá Little Women suite i Meiriceá sna 1860í. Sa scannán seo, tá ceathrar ban óg agus tá siad ag iarraidh saol a chaitheamh ar a dtéarmaí féin- ba mhaith leo bheith neamhspleách ach ag an am sin ní raibh sé éasca. Little WomenCé go bhfuil go leor cóiriú déanta den leabhar sin, is scannán iontach é seo gan dabht ar bith! Tá an scéal thar barr- tá sé an-suimiúil agus tá sé mothúchánach agus siamsúil ag an am céanna. Ina theannta sin, tá an aisteoireacht go hiontach go háirithe Saoirse Ronan agus Emma Watson. Tríd is tríd, tá an scannán seo thar barr agus is fiú é a fheiceáil, gan aon amhras.

 

Ráta 5/5

 

Tamara Ní Shíocháin