We are hiring -> Apply here

Léirmheas Midsommar

Is scannán uafáis é an scannán Midsommar. Scríobh agus stiúir Ari Aster an scannán seo agus tá go leor aisteoirí maith le feiceáil sa scannán mar shampla Florence Pugh, Will Poulter, Jack Reynor agus William Jackson Harper.

Tá caidreamh Dani agus Christian i mabol ach tá sé sábháilte nuair a tharlaíonn tubaiste teaghlaigh. Tar éis sin, téann siad chuig ceolchoirm sa Sualainn lena gcairde. Ar dtús, is laethanta saoire deas é, ach tar éis tamaill, tá rudaí aisteacha ag tarlú. Anuas ar sin, tá na rudaí sin ag tarlú i lár an lae ghléigil toisc nach dtéann an ghriain faoi.

Níl dabht ar bith ach go bhfuil an scannán seo go hiontach- tá an aisteoireacht thar barr, tá sé scanrúil agus tá sé siamsiúil freisin. Is é seo ceann de na scannáin uafáis is fearr ón bhliain seo, gan dabht ar bith. Má thaitníonn scannán uafáis leat, is fiú an scannán seo a fheiceáil, gan aon amhras.

Ráta 4.5/5

Tamara Ní Shíocháin