Léirmheas Missing Link

Is scannán beochana é Missing Link agus tá sé lán de ghreann agus aicsean. Stiúir Chris Butler an scannán seo agus tá na haisteoirí Hugh Jackman, Zach Galifianakis, Stephen Fry, Timothy Olyphant agus Zoe Saldana le cloisteáil sa scannán.

Ba mhaith le Sir Lionel Frost bheith ina bhall den chlub d’eachtránaí i Londain. Bheadh cead aige bheith sa chlub sin má fhaigheann sé Sasquatch i Meiriceá. Ach níl aon meas ag Lord Pigget-Dunceb air agus tugann sé airgead do dhuine éigin chun é a dhúnmharú nuair atá sé i Meiriceá. Faigheann sé an Sasquatch agus tá sé an-deas ach tá uaigneas air toisc nach bhfuil aon Sasquatch eile sa domhan. Mar a gheall air sin, tá siad ag iarraidh a chol ceathracha, na Yetis, a fháil.

Tá an scannán seo deas agus greannmhar agus tá an bheochan thar barr. Tá an scéal an-shimplí ach tá sé go maith agus is scannán iontach é do theaghlaigh, gan dabht ar bith.

Ráta 3/5

Tamara Ní Shíocháin