We are hiring -> Apply here

Léirmheas Pirates of the Caribbean: Salazar’s revenge

De réir cosúlachta, níor thaitin an scannán seo leis an gcuid is mó léirmheastóirí, ach ní aontaímse leo. Is annamh go n-éiríonn chomh maith sin le scannán leantach, agus is lú seans i gcás an 5ú scannán sa tsraith!

Pirate Battle

D’fhéadfainn a rá nach raibh scannán chomh maith le Salazar’s Revenge riamh ag Pirates of the Caribbean seachas b’fhéidir an chéad ceann sa tsraith (The Curse of the Black Pearl, 2003) dá mbeinnse chun comparáid a dhéanamh. Dár ndóigh, ní hé an rath an t-aon rud i gcoitinne ag an dá scannán sin! Téann Salazar’s Revenge siar ar stair Jack Sparrow, conas a bhfuair sé a ainm agus conas ar chuir sé suim ar an Black Pearl sa chéad dul síos – cruthaíonn an scéal cúlra sin nasc díreach idir tús agus deireadh na sraithe. Rud eile suimiúil le tabhairt fé ndeara ar an “nasc” sin ná: cé go bhfuilimid ag féachaint ar pháistí na gcarachtair ón chéad scannáin anois, críochnaíonn Salazar’s Revenge ar bhealach an-chosúil le tús an chéad scannáin, go háirithe ó thaobh an chaidrimh i measc a dtuismitheoirí. Dá bharr, is ar éigean gur féidir a rá go dtéann sraith Pirates of the Caribbean i gciorcal, gan a bheith ar ghnáth-líne ama go hiomlán.

 

Sa scannán seo, feictear Will Turner arís tar éis tamaill, é faoi dhraíocht na loinge Salazar. Deirtear gurb é an t-aon bealach leis an draíocht sin a bhriseadh ná Trírinn Poseidon a aimsiú agus a scriosadh. Is minic a phléann Pirates of the Caribbean le meascán de mhiotaiseolaíocht Chlasaiceach, piseoga na mara agus fadhbanna sóisialta amhail gnéasaíochas, só níl aon ionadh go bhfeictear an trí ghné sin ag cur tionchair ar scannán eile sa tsraith arís. An ghné is mó spéise ann, b’fhéidir, ná an béim curtha ar ghnéasaíochas in Salazar’s Revenge: tá bean lárnach sa scéal, Carina Smyth (Kaya Scodelario), a bhfuil spéis aici sa réalteolaíocht, agus is mar gheall uirthi amháin go n-éiríonn le criú na laochra teacht ar a sprioc gan mórán stró nó gan a bheith ar strae (neamhchosúil lena tharla i scannáin eile roimhe sin). Eolaí atá inti – cé go ndeirtear gur bean feasa í toisc go dtaitníonn leabhair léi – agus dá bharr ní chreideann sí ar fhinscéalta. D’ainneoin sin, déanann sí cairdeas leis na foghlaí mara toisc gurb iad an t-aon dream nach bhfuil ag iarraidh í a mharú, agus cabhraíonn sí leo Trírinn Poseidon a lorg sa bhfarraige. Sa chriú céanna, feictear Henry (Brenton Thwaites), mac Will Turner ar aistear chun a athair a shábháil. In éineacht leo, cé eile ná Jack Sparrow féin, a bhfuil gráin air agus díoltas ag teastáil uaidh ar Chaptaen Salazar. An eireoidh leo a sprioc a n-aidhm a bhaint amach?

Cé nach é seo an scannán is iontaí riamh, cuireann sé críoch an-oiriúnach le sraith Pirates of the Caribbean. Tá scéal simplí ann, ach is dócha nach féidir an iomarca fo-phlotaí agus castachtaí eile a chur le scannán críche dá leithéid. Anuas air sin, tá gaol láidir idir an scannán seo agus an scéal a tharla roimhe, rud tábhachtach i gcónaí i sraithe mar sin.

4/5