We are hiring -> Apply here

Léirmheas Playmobil: The Movie

 

Is scannán beochana do pháistí é Playmobil: The Movie agus tá sé lán le greann agus aicsean. Tá sé oiriúnach do gach saghas duine go háirithe páistí óga. Tá aisteoirí cáiliúil le feiceáil sa scannán seo mar shampla Daniel Radcliffe, Anya Taylor Joy, Adam Lambert, Gabriel Bateman, Jim Gaffigan agus Kenan Thompson. Stiúir Lino DiSalvo an scannán agus na scríbhneoirí atá i gceist ná Blaise Hemingway, Greg Erb, Jason Oremland agus Lino DiSalvo.Cailltear deartháir Marla sa domhain beochana ildaite Playmobil agus caithfidh Marla é a shábháil. Is dúshlán mór é seo do Mharla toisc go bhfuil sí an-chiallmhar de gnáth. Cuireadh a saol bunoscionn de bharr an eachtra dothuartha seo.

Chun na fírinne a rá, ní hé seo an scannán is fearr do pháistí atá ar siúl le déanaí toisc nach bhfuil an scéal an-siamsúil. É sin ráite, tá sé greannmhar in áiteanna agus tá sé spraíúil. B’fhéidir go bhfuil sé an-oiriúnach do pháistí níos óige mar níl sé an-chasta. Tríd is tríd, ní haon drochscannán é ach tá scannán níos fearr ar siúl, gan dabht ar bith.

Ráta 3/5

Tamara Ní Shíocháin