Léirmheas The Queen’s Corgi

The Queens CorgiIs sort ómós é an scannán seo don banna ceoil The Beatles. Is drama é an scannán seo ach tá greann agus grá le feiceáil fresin. Stiúir Danny Boyle Yesterday agus tá aisteoirí cáiliúla sa scannán mar shampla Himesh Patel, Lily James agus Ed Sheeran.

Is amhránaí é Jack agus tá sé ag iarraidh clú agus cáil a bhaint amach. Nuair a dúisíonn sé tar éis timpiste mór, níl aithne ag éinne ar an mbanna The Beatles– seachas é féin. Baineann sé leas as seo ach tá fadhbanna eile aige mar a gheall air sin.The Queens CorgiNíl dabht ar bith ach go bhfuil an aisteoireacht thar barr sa scannán seo go háirithe an aisteoir cáiliúil Lily James. Ina theannta sin, tá an scéal go hiontach- tá sé greannmhar, brónach agus mothúchánach ag an am céanna. Trí is tríd, is scannán siamsúil é seo agus is fiú é a fheiceáil, gan dabht ar bith.

Ráta 4/5

Tamara Ní Shíocháin