Léirmheas Scary Stories to tell in the Dark

 

Is scannán uafáis é seo atá suite i Meiriceá sna 1960í. Stiúir André Øvredal an scannán seo agus na daoine a scríobh an scannán ná Dan Hageman, Kevin Hageman, Guillermo del Toro, Patrick Melton agus Marcus Dunstan. Tá foireann aisteoirí maith le feiceáil sa scannán seo freisin mar shampla Zoe Margaret Colletti, Michael Garza, Gabriel Rush, Austin Abrams, Dean Norris agus Gil Bellows. Tá an scannán seo foirfe do dhéagóirí a bhfuil suim acu sa scannáin uafáis.Sa bhaile beag, Mill Valley, tá teach mór ar imeall an bhaile agus tá go leor rúin scanrúla le fáil ann.  Is cailín óg é Sarah agus scríobh sí leabhar faoina saol deacair agus d’fhág sí an leabhar sa teach sin. Ach nuair a téann grúpa déagóirí ar an leabhar seo, tá na scéalta istigh an-scanrúil agus tá siad céasta ag na scéalta mar thoradh.Tá an scannán seo go maith do dhéagóirí toisc nach bhfuil sé an-scanrúil ach is scannán uafáis é. Ach, tá an plota saghas simplí agus b’fhéidir nach bhfuil sé dírithe ar dhaoine fásta de bharr sin. Mura bhfuil go leor scannáin feicthe agat, is fiú é seo a fheiceáil ach ní hé an scannán uafáis is fearr in aon chor.

Ráta 3/5

Tamara Ní Shíocháin

Book Tickets