Léirmheas Space Jam: A New Legacy

 

Nuair a chonaic mé na droch-léirmheasanna ar an scannán seo, caithfidh mé a rá nach raibheas ag súil le mórán agus mé ag siúil isteach sa phictiúrlann lena fheiceáil. Ar an dea-uair, bhí an mícheart agam. Scéal taitneamhach athá ann, le teachtaireacht láidir fé thuismitheoireacht, eagarthóireacht den chéad scoth, agus dár ndóigh, na carachtair greannmhara Looney Tunes is maith linn go léir.

Is athinsint é ar Space Jam (1996) agus LeBron James sa phríomhpháirt in áit Michael Jordan (cé go bhfuil caimeo ag Jordan ar an scannán seo chomh maith!). Rogha conspóideach é sin gan dabht, ach tuigim é ag an am céanna – caithfear díriú ar an lá athá inniu ann agus na réaltaí nua cispheile sna Stáit Aontaithe fé láthair. Nílimid sna 90idí a thuilleadh. É sin ráite, d’éirigh le Space Jam: A New Legacy cumha a mhúscailt orainn pé scéal é.
In ómós ar an gcéad leagan de Space Jam, tosnaíonn an scannán sna 90idí, agus LeBron James ina pháiste (Stephen Kankole) ag imirt ríomhchluichí i lár cleachta cispheile sa scoil. Cuireann a chóitseálaí náire air i ngeall ar a dhroch-nós, agus ní dhéanann sé dearúd ar an lá sin riamh.

Ar an gcéad radharc eile, tháimid sa lá athá inniu ann, agus LeBron James ag iarraidh cosc a chur ar a mhac Dom (Cedric Joe) ríomhchluichí a imirt toisc gur gá dó díriú ar chispheil sa bhfíorshaol. Is breá liom an tagairt a dhéanann an scéal ar fhadhbanna mar “dhealú idir ghlúine” agus “fáinne fí”. Tugann sé sin diminsean sa bhreis don athinsint seo nach raibh le feiceáil sa bhunscannán.

In áit a bheith gafa i ndomhain Looney Tunes amháin (mar a tharla sa bhunscannán in 1996), téann LeBron agus Dom James isteach i ndomhain na teicneolaíochta i ngan fhios dóibh, agus iad ag tabhairt cuairte ar cheanncheathrú Warner Bros. Do tharla sé sin toisc go bhfuil namhaid an scannáin, Al-G. Rhythm (imeartas focal le “algorithm”) ar buile leo. Níor ghlac LeBron lena smaoineamh “iontach” i gcomhair ríomhchluiche cispheile nua, só seolann Al-G iad beirt go dtí an Server-verse. Beidh siad gafa ann go deo muna bhfaigheann LeBron bua in aghaidh a mhac féin i gcluiche cispheile! An t-aon fhadhb ná: tuigeann Dom an domhain sin i bhfad níos fearr ná LeBron, agus thá teannas eatarthu cheana féin.

Ar thaobh amháin, éiríonn le LeBron foireann cispheile a aimsiú le carachtair Looney Tunes amhail Bugs Bunny, Lola Bunny, Daffy Duck, srl. Ar an taobh eile, cruthaíonn a mhac carachtair iomlán nua le bheith ag imirt ar a fhoireann féin, le cabhair Al-G Rhythm. Is an-chliste an coimhlint sin idir “aosta” agus “óg”, léirithe trí shean-charachtair fadbhunaithe in aghaidh carachtair nua athá níos láidre de réir cosúlachta.

Cé go bhfuil an-chuid léirmheastóirí dian go leor ar an scannán seo i ngeall ar an méid margaíochta agus suíomh táirgí a fheictear ann, caithfear gan dearúd a dhéanamh gur athinsint athá ann. Má bhreathnaíonn tú ar an mbunscannán aríst, tabharfaidh tú fé ndeara go bhfuil a lán táirgí ann chomh maith – agus d’fhéadfaí a rá, gan chúis. Aontaím leis an slua nach bhfuil scéal Space Jam: A New Legacy ró-chruthaíoch nó ró-iontach in aon chor, ach aríst, thá sé bunaithe ar scannán déanta cheana. Feictear go soiléir na tagairtí ar an am athá thart, ar scéal Warner Bros, agus ar an mbunscannán anseo is ansiúd. Thá sé dílis go leor don bhunscannán, gan éalú an iomarca óna réamhleagan, ach gan a bheith reoite sna 90idí ach an oiread. Caithfear a admháil go raibh sé sin cliste.

I ndeireadh na dála, fiú muna dtaitníonn an scéal leat ró-mhór, is cinnte go dtaitneoidh an cluiche féin leat, agus sin an chúis go raibh an scannán déanta sa chéad áit. Tabhair seans dó, is ní bheidh díomá ort.

Natália Uí Fhaoláin

Book Tickets