Léirmheas Spiderman: Far from Home

 

Is é seo an chéad scannán Marvel tar éis an scannán cáiliúil Avengers: End Game agus níl dabht ar bith ach go bhfuil sé chomh maith leis an scannán iontach sin. Leanann an scéal seo ar aghaidh tar éis an scannáin Spiderman: Homecoming agus stiúir Jon Watts an dá scannán. Ina theannta sin, tá foireann iontach aisteoirí le feiceáil sa scannán seo mar shampla Tom Holland, Samuel L. Jackson, Zendaya agus Jake Gyllenhaal.Sa scannán seo, téann Peter Parker ar a laethanta saoire lena chairde. Ach tá go leor ionsaithe mistéireach ag tarlú agus caithfidh sé cabhair a thabhairt do Nick Fury chun iad a stopadh.Níl dabht ar bith ach go bhfuil an scannán seo go hiontach. Tá an scéal siamsúil, greannmhar agus mothúchánach ag an am céanna agus tá go leor aicsean le feiceáil i rith an scannáin. Ina theannta sin, tá an aisteoireacht thar barr. Tríd is tríd, is scannán den scoth é agus is fiú é a fheiceáil gan amhras ar bith.

Ráta 4.5/5

Tamara Ní Shíocháin

Book Tickets