Léirmheas The Art of Racing in the Rain

Tá an scannán nua seo bunaithe ar an leabhar The Art of Racing in the Rain le Gart Stein. Is sort dráma é agus tá sé dírithe ar pháistí agus daoine óga. Stiúir Simon Curtis an scannán agus scríobh Mark Bomback agus Garth Stein an script. Tá aisteoirí iontacha le feiceáil sa scannán seo freisin mar shampla Milo Ventimiglia, Amanda Seyfried, Kathy Baker, Martin Donovan, Gary Cole agus Kevin Costner.Tá an madra, Enzo, ag insint an scéal dúinn sa scannán seo. Is tiománaí Formula One é a úinéir, Denny, agus tá caidreamh an-láidir acu. Mar sin, tá tuiscint maith ag Enzo ar shaol an tiománaí agus ar shaol an duine go ginearálta. Tá an scannán seo ag leanúint Denny, a bhean chéile, Eve, a iníon, Zoe agus ar ndóigh a mhadra dílis, Enzo.Tá an scannán seo an-mhothúchánach, gan dabht ar bith, ach tá sé siamsiúil agus suimiúil ag an am céanna. Ní scéal casta é ach tá sé go maith. Tá aisteoireacht den scoth le feiceáil sa scannán go háirithe Amanda Seyfried agus Kathy Baker. B’fhéidir nach bhfuil an scannán seo oiriúnach do pháistí an-óg toisc go bhfuil téamaí dheacair le feiceáil. Ach, é sin ráite, is scannán maith é agus is fiú é a fheiceáíl, gan aon amhras.

Ráta 4/5

Tamara Ní Shíocháin

Book Tickets