Léirmheas The Current War

 

Is drama stairiúil é an scannán nua The Current War. Stiúir Alfonso Gomez-Rejon an scannán agus tá aisteoirí iontacha le feiceáil sa scannán mar shampla Benedict Cumberbatch, Katherine Waterston, Matthew MacFadyen, Michael Shannon, Nicholas Hoult, Tom Holland agus Tuppence Middleton.

Sa scannán seo, insíonn siad an scéal dúinn faoi tús an leictreachais. Is ceapadóir cáiliúil é Thomas Edison (Benedict Cumberbatch) agus tá sé ag iarraidh leictreachas a chur ar fail do na daoine in Manhattan. Ag an am céanna, tá George Westinghouse (Michael Shannon) agus Nikolai Tesla (Nicholas Hoult) ag iarraidh an rud céanna a dhéanamh agus tá siad ag troid mar thoradh.Is scéal suimiúil é seo, gan dabht ar bith toisc go bhfuil fírinne ag baint leis. Ach chun na fírinne a rá, níl script nó cineamatagrafaíocht iontach le feiceáil sa scannán. Tá an aisteoireacht go maith ach níl na caractair an-suimiúil agus ina theannta sin, tá sé saghas leadránach in áiteanna.

Ráta 2/5

Tamara Ní Shíocháin

Book Tickets