We are hiring -> Apply here

Léirmheas The Gentlemen

 

Is scannán greannmhar é an scannán seo atá dírithe ar dhaoine fásta amháin, gan aon dabht toisc go bhfuil go leor foiréigin, drugaí agus drochtheanga le feiceáil tríd an scannáin. Scríobh agus stiúir Guy Ritchie an scannán seo agus tá aisteoirí maith cáiliúil le feiceáil freisin mar shampla Matthew McConaughey, Charlie Hunnam, Michelle Dockery, Jeremy Strong, Colin Farrell agus Henry Golding.GentlemenSa scannán seo tá impireacht cannabais ag an Meiriceánach Mickey Pearson i Londain. Nuair atá sé ag iarraidh bheith críochnaithe leis an gnó sin, tá sé i dtrioblóid toisc go bhfuil daoine eile ag iarraidh an impireacht a ghoid.GentlemenTá an scannán seo an-ghreannmhar gan dabht ar bith. Ní hé an plota is suimiúla ná is iontaí a chonaic mé riamh ach tá sé greannmhar agus siamsúil agus tá an aisteoireacht go maith go háirithe Matthew McConaughey agus Colin Farrell. Níl sé oiriúnach do dhaoine óga ar chor ar bith toisc go bhfuil sé foiréigneach agus baineann sé le drugaí ach is scannán maith é do dhaoine fásta agus is fiú é a fheiceáíl, gan dabht ar bith.

Ráta 3.5/5

Tamara Ní Shíocháín

 

Book Tickets