Léirmheas The Invisible Man

Is scannán uafáis agus scannán mistéire é The Invisible Man. Stiúrthóir an scannáin ná Leigh Whannell agus scríobh sé an scannán freisin. Na haisteoirí atá sa scannán iontach seo ná Elisabeth Moss, Aldis Hodge, Storm Reid, Harriet Dyer, Oliver Jackson-Cohen agus Benedict Hardie. Tá an scannán dírithe ar dhaoine fásta amháin toisc go bhfuil sé scanrúil agus tá go leor foiréigin le feiceáil.The Invisible ManSa scannán seo, tá Cecilia faoi smacht a fear chéile, Adrian agus caithfidh sí éalú a dhéanamh i rith na hoíche. Nuair a chuireann an fear drochídeach lámh ina bhás féin, faigheann sí a airgead agus ceapann sí go bhfuil Adrian ag iarradh an dallamullóg a chur uirthi. Tarlaíonn go leor eachtraí aisteach agus tá Cecilia, a clann agus a cairde i mbaol agus tá sí ag iarradh cruthú go bhfuil sé fós beo.The Invisible ManIs scannán iontach é an scannán seo. Tá teannas le feiceáil, tá sé scanrúil agus bíonn do chroí i do bhéal an t-am ar fad. Tá an cineamatagrafaíocht thar barr agus tá aisteoireacht iontach le feiceáil freisin, go háirithe Elisabeth Moss. Tríd is tríd, tá an scannán se oar fheabhas agus má bhfuil suim agat i scannáin uafáis, caithfidh tú é seo a fheiceáíl!

Ráta 5/5

Tamara Ní Shíocháin