Léirmheas The Personal History of David Copperfield

 

Is dráma é an scannán nua seo le Armando Iannucci mar stiúrthóir agus scríbhneoir agus Simon Blackwell mar scríbhneoir eile. Is coiriú é ar an úrscéal David Copperfield a scríobh Charles Dickens. Na haisteoirí atá sa scannán ná Dev Patel, Aneurin Barnard, Peter Capaldi, Daisy May Cooper, Rosalind Eleazar agus Hugh Laurie.Tá croí mór maith ag David Copperfield agus i Londain Victeoiriach, tá carachtair cneasta, drochcarachtair, carachtair saibhir agus carachtair bocht ina thimpeall. Ba mhaith leis a bheith ina scríbhneoir ach ag an am céanna, ba mhaith leis clann, cairde, caidreamh agus stádas bheith aige.

Is scannán iontach é seo, gan dabht ar bith- tá sé suimiúil, siamsúil agus greannmhar. Ina theannta sin, tá an aisteoireacht go maith sa scannán spraíúil seo. Tríd is tríd, is scannán iontach é agus is fiú é a fheiceáil, gan aon amhras.

Ráta 4/5

Tamara Ní Shíocháin