We are hiring -> Apply here

Léirmheas The Secret Life of Pets 2

 

Is é seo an dara cuid den sraith The Secret Life of Pets. Is scannán beochana greannmhar é agus tá sé dírithe ar pháistí. Stiúir Chris Renaud agus Jonathan del Val an scannán seo agus is iad Patton Oswalt, Kevin Hart, Eric Stonestreet, Jenny Slate, Tiffany Haddish, Lake Bell, Nick Kroll, Dana Carvey, Ellie Kemper, Chris Renaud, Hannibal Buress, Bobby Moynihan agus Harrison Ford na haisteoirí atá sa scannán.Tá an scéal seo bunaithe ar saol peataí nuair nach bhfuil a n-úinéirí sa bhaile. Tá páiste nua ag clann Max, tá Snowball ag iarradh tíogair óg a sábháil ón zú agus cailleann Gidget bréagán Max agus caithfidh air é a fháil ar ais.Cosúil leis an gcéad scannán, tá an bheochan thar barr sa scannán seo. Tá na carachtair go leor go hiontach, go háirithe Tiffany Haddish, agus níl dabht ar bith ach go mbainfeadh páistí taitneamh astu. Ina theannta sin, bhí an scannán greannmhar, éadrom agus siamsúil agus tá sé an-oiriúnach do pháistí, gan dabht ar bith.

Ráta 4/5

Tamara Ní Shíocháin

 

Book Tickets