Réamhléirmheas Wonder Woman 1984

 

Is é seo an naoú scannán sa “DC Extended Universe” agus leanann sé ar aghaidh tar éis an scannáin Wonder Woman ón bhliain 2017. Stiúir Patty Jenkins an scannán seo agus tá aisteoirí iontacha le feiceáil sa scannán mar shampla Gal Gadot, Chris Pine, Kristen Wiig, Pedro Pascal, Robin Wright agus Connie Nielsen. Tá an scannán seo suite 70 bliain tar éis an chéad scannán agus sa scannán seo, beidh Wonder Woman ag troid in éadan drochdhuine nua – The Cheetah.Wonder WomanNíl dabht ar bith ach go mbeidh an scannán seo go hiontach – bhí an ceann deireanach an-rathúil agus bhain gach saghas duine taitneamh as! Bhí sé siamsúil, greannmhar agus bhí go leor aicsean le feiceáil sa scannán. Tá súil agam go mbeidh an rud céanna le feiceáil sa scannán nua seo.

 

Tamara Ní Shíocháin